De som köpt den här boken har ofta också köpt Míofaí: Daideo Agus Mamó av Dick Bruna (inbunden).
Köp båda 2 för 284 krI mBéal Feirste a rugadh Elizabeth Shaw agus chaith sí mórchuid a saoil i mBeirlín. Is iomaí gradam litríochta a bronnadh uirthi le linn a gairme, Duais Käthe Kollwitz ón Acadamh Ealaíne, Beirlín, ina measc, chomh maith le Bonn Airgid Leipzig, Duais Hans Baltzer agus Duais Ealaín DDR. Tá dea-cháil ar fud an domhain ar an iliomad leabhar do pháistí a scríobh agus a mhaisigh sí, agus tá a saothar foilsithe i raon leathan teangacha. Is clasaic é An tUan Beag Dubh atá aistrithe agus foilsithe i dtíortha éagsúla, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Laitvia, Meicsiceo, Poblacht na Cóiré, an Phortaingéil, an tSeapáin, an tSín agus an tSualainn ina measc.